Léargas ginearálta ar mhargadh an AE
Sa rannán seo tá faisnéis struchtúrach agus anailísí ar thionscal iomlán Eorpach an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ag leibhéal an AE agus an Bhallstáit, á gcur i láthair trí “phróifílí” tiomnaithe. Moltar liosta nasc úsáideach freisin.
Cliceáil ar na cnaipí ar an taobh clé le tuilleadh eolais a fháil.
Margadh éisc an AE
Is margadh tábhachtach é an AE le haghaidh éisc agus bia mara: 10,41 milliún tonna (beomheáchan) a thomhaltas sa bhliain 2020, is ionann sin agus 23 kg an duine (beomheáchan). Ach ní mar a chéile an tomhaltas ar fud an AE, tá sé idir 58 kg an duine (beomheáchan) (an Phortaingéil), agus 6 kg an duine (beomheáchan) (an tSeicia). Breis agus 130 euro an duine an caiteachas bliantúil ag teaghlaigh an AE ar bhia mara, ionann agus ceathrú an oiread a chaitear ar fheoil.
Is iad na táirgí is mó a tomhlaítear ná tuinnín (stánaithe den chuid is mó), bradán, trosc, mangach Alascach, séaclaí, diúilicín, colmóir agus scadán.
Riartar ar mhórchuid an éilimh inmheánaigh ar bhia mara san AE trí mheán allmhairí, agus clúdaíonn siad tuairim is 70% den tsoláthar iomlán. Bradán, trosc, tuinnín, mangach Alascach, min éisc agus séaclaí na táirgí is mó a allmhairítear. Os a choinne sin, onnmhairítear beagnach 20% de sholáthar an AE. Scadán, ronnach, faoitín gorm, tuinnín, min éisc agus ola éisc na táirgí is mó a onnmhairítear.
Tá an AE ar an seachtú táirgeoir is mó ar domhan maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus clúdaíonn sé tuairim is 2% den táirgeacht dhomhanda (4% maidir le gabhálacha agus 1% maidir le dobharshaothrú) sa bhliain 2020.
Sna Próifílí tíre tá anailís ar an slabhra soláthair iascaigh agus dobharshaothraithe i ngach Ballstát den Aontas Eorpach. Tugtar na sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla is déanaí, a aithníonn na speicis is mó dá gcuirtear i dtír, dá saothraítear agus dá ndíoltar agus an dearcadh is mó dá bhfuil ag tomhaltóirí i ngach tír. Cliceáil ar na tíortha sa léarscáil nó ar ainm na dtíortha ar an taobh dheis le tuilleadh eolais a fháil
Maidir leis na hainmneacha a úsáidtear ar an léarscáil seo agus an chaoi a gcuirtear an t-ábhar i láthair ar an léarscáil, níl an tAontas Eorpach ag tabhairt tuairim ar bith uaidh faoin stádas dlíthiúil atá ag aon tír, aon chríoch, aon chathair nó aon cheantar ná atá ag údarás nó teorainneacha aon tíre, críche, cathrach nó ceantair.
Sna próifílí speiceas tugtar faisnéis faoi na príomh-mhargaí agus sonraí feadh an tslabhra soláthair faoi na speicis is tábhachtaí do mhargadh an AE. Tugtar ainmniú tráchtála, cur síos ar an speiceas agus eolas cáilíochtúil eile, mar aon le sonraí nuashonraithe faoin táirgeacht (iascaigh agus dobharshaothraithe), faoin trádáil agus faoin tomhaltas.
Cliceáil ar an speiceas thíos le níos mó eolais a fháil.
Sa rannán seo tá naisc úsáideacha chuig seirbhísí agus tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiascach agus le dobharshaothrú. Tá sonraí agus faisnéis faoi bheartais an AE san earnáil Táirgí Iascaigh agus Dobharshaothraithe sna naisc freisin.
Gnóthaí Muirí agus Iascaireacht
Bainistíonn an Coimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta) an suíomh gréasáin seo faoi ghnóthaí muirí agus faoi iascaireacht. Soláthraíonn sé faisnéis ábhartha shoiléir nuashonraithe don phobal, do pháirtithe leasmhara agus d’iriseoirí faoi ghnóthaí muirí agus faoi bheartas iascaigh an AE..
https://ec.europa.eu/info/departments/maritime-affairs-and-fisheries_en
Líonra Eorpach de Limistéir Iascaireachta (FARNET)
Sa Líonra Eorpach de Limistéir Iascaireachta (FARNET) tugtar gach uile limistéar iascaireachta le chéile á dtacaíonn Ais thosaíochta 4 den Chiste Eorpach Iascaigh (CEI) leo.
https://webgate.ec.europa.eu/fpfis/cms/farnet/
Atlas Eorpach na Mara
Is bealach furasta spraíúil é Atlas Eorpach na Mara do ghairmithe, do dhaltaí agus do dhuine ar bith eile a bhfuil suime aige ann, le níos mó a fhoghlaim faoi fharraigí agus faoi chóstaí na hEorpa, faoina gcomhshaol, faoi ghníomhaíochtaí an duine a bhaineann leo agus faoi bheartais Eorpacha.
https://ec.europa.eu/maritimeaffairs/atlas_en
Fóram Muirí
Tá mar aidhm ag an bhFóram Muirí cumarsáid a fheabhsú eatarthu siúd a mbaineann beartas muirí an AE leo. Tugann sé deis do pháirtithe a bhfuil suim acu i mbeartas muirí an AE cumarsáid a dhéanamh ar an léibheann céanna.
https://webgate.ec.europa.eu/maritimeforum/