Cad is EUMOFA ann?
Uirlis faisnéise margaidh um earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais Eorpaigh is ea Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA) agus d’fhorbair an Coimisiún Eorpach í. Tá sé mar aidhm aici trédhearcacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh a mhéadú, anailís a dhéanamh ar dhinimic mhargaí an AE, tacaíocht a thabhairt do chinntí gnó agus do cheapadh beartais.
Le hEUMOFA is féidir faireachán a dhéanamh ar thoirteanna, ar luachanna agus ar phraghsanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ón gcéad díolachán go dtí an miondíol, agus allmhairí agus onnmhairí san áireamh. Bailítear sonraí ó thíortha an AE, ón Íoslainn, ón Ioruaón, ón Ríocht Aontaithe agus ó institiúidí an AE agus leasaítear suas chun dáta gach lá iad.